Tuesday 12 June 2012

Tá sé mar aidhm ag clubleabhar.com lucht na Gaeilge in Éirinn agus thar lear a spreagadh chun leabhair a léamh agus iad a phlé i bhfóram an tsuímh seo. Roghnaítear leabhar nua gach mí agus bíonn deis ag na baill plé a dhéanamh ar an saothar i bhfóram an tsuímh. Bíonn fáil ag na baill ar aistriúcháin Bhéarla ar na focail agus frásaí is deacra sna leabhair a bhíonn á bplé, rud a éascaíonn an léitheoireacht go mór. Tugtar tús áite d’úrscéalta agus do chnuasaigh gearrscéalta, ach bíonn seánraí eile (filíocht agus leabhair thaistil, cuir i gcás) i gceist ó am go chéile chomh maith. Bíonn meascán ann de leabhair nua-fhoilsithe agus clasaicigh atá fós i gcló. Is féidir na leabhair a bhíonn á bplé ar ClubLeabhar.com a fháil ar iasacht ó Leabharlann Chontae an Chláir. Tá maoiniú á chur ar fáil do Clubleabhar.com ag Clár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus ag an gComhairle Ealaíon.

Clubleabhar.com aims to encourage Irish speakers in Ireland and abroad to read books in the language and to discuss them in the site’s discussion forum. A new book is chosen each month and club members have an opportunity to discuss this book in the website’s forum. Members have access to English translations of the most difficult words and phrases in the books being discussed, which makes reading them a lot easier. The focus is on novels and short-story collections for the most part, but books from other genres (poetry and travel books, for example) are discussed from time to time. There is a mix of newly-published books and classics that are still in print. The books discussed on ClubLeabhar.com can be borrowed from Clare County Library. Clubleabhar.com is supported by Clár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) and by the Arts Council.

No comments: